De shliocht Giúdach, tháinig slán as Auschwitz sa bhliain 1945. Na heachtraí thrámacha a bhain di le linn a hóige sa Dara Chogadh Domhanda a ghríosaigh í chun oibre ar son Eoraip Aontaithe, agus chaith sí a saol ag cur na cúise sin chun cinn.[2]
Tá clú uirthi ar fud na hEorpa fós as a chinntiú go ndéanfaí na Giúdaigh a maraíodh le linn an Uileloiscthe a urramú agus a choimeád inár gcuimhne.
Aire
Tá cáil ar leith ar Veil sa Fhrainc as an nginmhilleadh a dhéanamh dleathach agus as beatha na mban agus dálaí na gcimí a fheabhsú.[2]
Mar aire rialtais sa Fhrainc, thug sí reachtaíocht ginmhillte isteach sna 1970idí. Ritheadh an reachtaíocht a cheadaíonn ginmhilleadh sa Fhrainc ("la Loi Veil sur l’IVG") sa bhliain 1974 agus Veil i gceannas ar an Roinn Sláinte i rialtas Giscard d’Estaing (1974-81).[1]
AE
Na heachtraí thrámacha a bhain di le linn a hóige sa Dara Chogadh Domhanda a ghríosaigh í chun oibre ar son Eoraip Aontaithe, agus chaith sí a saol ag cur na cúise sin chun cinn.[2]
Sa bhliain 1979, ceapadh í ina feisire de Pharlaimint na hEorpa agus toghadh í mar Uachtarán na Parlaiminte. D’fhan sí sa ról sin go dtí 1982. D’fhág sin gurbh í an chéad Uachtarán í den chéad Pharlaimint a toghadh go díreach agus gurbh í an chéad Uachtarán mná í (1979–1982 a tréimhse oifige).
Údar
Toghadh Veil ina ball den Académie française ag deireadh mhí na Samhna 2008. Glactar leis go forleathan go raibh a háit ar an Académie tuillte aici.[1] Ach tháinig thart ar 100 duine le chéile ar an Pont des Arts i bPáras ar lá na vótála chun cur in aghaidh an gradam a bhronnadh uirthi, agus feachtas ar bun acu in aghaidh an ghinmhillte i gcónaí.