Duine de mhórfhilí na Gaeilge ón bhfichiú haois ab ea Seán Ó Ríordáin (3 Nollaig 1916 – 21 Feabhra 1977).[1]
Saol
Rugadh i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí é Ó Ríordáin ar 3 Nollaig1916, agus b'ansin a chaith sé tús a óige. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go cathair Chorcaí le freastal ar scoil ansin, agus d'fhan sé ina chónaí sa chathair an chuid ba mhó dá shaol.
Foilsíodh a chnuasach dánta Eireaball Spideoige sa bhliain 1952, agus ansin, bhain sé clú amach dó féin mar fhile nua-aimseartha den scoth. Tháinig an dara cnuasach leis, Brosna, i gcló sa bhliain 1964. Faoin am céanna foilsíodh an leabhar Rí na nUile. Nua-leaganacha a bhí ann de dhánta diaga ón tsean-Ghaeilge, agus d'oibrigh an Ríordánach amach iad in éineacht leis an an Athair Seán S. Ó Conghaile.
File fealsúnach Críostaí ab ea an Ríordánach. Bhíodh rúndiamhra na beatha is an bháis, na síoraíochta is an pheaca ag cur as dó go minic. Ag an am céanna léirigh sé grá don dúchas agus do leanúnachas an chine Éireannaigh agus an traidisiúin dhúchasaigh.
Scríobh Seán Ó Coileáin an leabhar Beatha Agus Saothar ar cuntas é ar shaol agus ar shaothar an Ríordánaigh. D'fhoilsigh Seán Ó Tuama leabhar faoin teideal Filí faoi Sceimhle sa bhliain 1978, leabhar a bhfuil dhá aiste ann, agus ceann acu ag trácht ar an Ríordánach.