Throid sé 57 uair, ag buachan 42 (14 "knock-out"), chaill sé 14 (3 knock-out"), agus troid amháin a bhí ar chomh-scór. Mar sin throid sé i 440 babhta, le céatadán "knock out" de 24.56%. Chaith Seán go leor dá shaol idir Bostún, Mheiriceá agus Ros Muc. Faoi láthair tá sé ar ais i Ros Muc mar thraenálaí ar chlub dornálaíochta Mike Flaherty.
Ba é an troid i gcoinne Mike McCallum ar an 19 Deireadh Fómhair1984, i Madison Square Garden, Nua-Eabhrac, an troid ba mhó i saol dornálaíochta Sheáin.[3] Ba le haghaidh an chraobh mheánmheáchain an troid seo. Chaill sé an troid, áfach, ach tugtar creidiúint do Sheáin Ros Muc a chuir ar an mapa. Bhí ainm Ros Muc scríofa go hornáideach ar bhásta a dhráir dhornála agus ainm Ros Muc os comhair an tsaoil mhóir.[4]
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.