Bunaíodh an scoil mar Scoil Chuimsitheach na Páirce Nua i 1972 tar éis Scoil Bhaile an Rí agus Scoil Abhóca a chónascadh le chéile, chun chomhoideachais gan táille a chur ar fáil do Phobal Eaglais na hÉireann in Áth Cliath Theas. Anois, tá an bhunaidhm chéanna ag an scoil. Ach, cé go bhfuil meon na hEaglaise ann, tá beartas oscailteachta ann maidir le traidisiúin agus le cultúir. Mar scoil chuimsitheach, cuireann Scoil na Páirce Nua fáilte roimh bhuachaillí agus roimh chailíní cibé creideamh nó eitneacht.
An Campas
Tá achar campais Scoil na Páirce Nua 32,375m² (8 acraí) i méid. Tá foirgneamh saintógtha lárnach don scoil, rud a bhí oscailte i 1974, ach baintear úsáid as dhá theach mhóra, "Melfield" agus "Belfort" (ar a dtugann na daltaí "the Red-Brick"), fortheach saintógtha ar Belfort (Foirgneamh F), teach geata agus seomraí coimhdeacha eile freisin.
Áiseanna
25 Seomra Ranga
Halla Léachtaí (C6/Téatar Hunter)
Leabharlann agus dhá Sheomra IT (A2/D8)
Bialann
2 chistin le haghaidh Eacnamaíochta Baile (B1/B3) agus Seomra Fuála (B5)
Ceardlann Miotalóireachta agus Innealtóireachta (F6)
Seomra Dorcha
Seomra Ceoil (G4) (Is féidir leis na Mic Léinn an tIonad Ceoil a úsáid freisin).
Seomra na Maor (E2)
Spórt
Imríonn Scoil na Páirce Nua haca agus rugbaí go traidisiúnta. Le déanaí, tá cispheil á himirt sa scoil chomh maith.
Haca
San am atá thart, bhí clú ar Scoil na Páirce Nua mar mhórscoil haca. I dtaca le Club Haca Abhóca, bhuaigh siad roinnt comórtas náisiúnta ⁊ idirnáisiúnta. Ar an drochuair, mar gheall ar chúiseanna éagsúla, bhí haca ag Scoil na Páirce Nua tar éis titim chun raice ag deireadh na nóchaidí agus tá an cás ag an nóiméad fós i bhfad níos measa ná na laethanta órga. Tar éis oscailt páirce nua de chuid Chlub Haca Abhóca ar champas na scoile áfach, tá haca sa scoil ar a seanléim arís.
Imríonn buachaillí ⁊ cailíní ar gach aois haca i Scoil na Páirce Nua.