Is údar Éireannach í Sally Rooney (a rugadh 20 Feabhra 1991). Foilsíodh a céad úrscéal, Conversations with Friends, sa bhliain 2017. D'fhoilsigh sí Normal People ina dhiaidh sin i 2018.
Oideachas agus a saol pearsanta
Rugadh Rooney i gCaisleán an Bharraigh[1] sa bhliain 1991, áit ar thógadh sí.[2] D'oibrigh a athair do Telecom Éireann, agus bhí a máthair i gceannas ar ionad ealaíon. Tá deartháir níos sine agus deirfiúr níos óige ag Rooney. Rinne Rooney staidéar ar Bhéarla ag Coláiste na Tríonóide, áit a raibh sí tofa mar scoláire sa bhliain 2011. Thosaigh sí céim mháistreachta sa pholaitíocht ann, ach níor chríochnaigh sí é. Bhain sí céim i litríocht Mheiriceánach ina ionad.
Ainmnítear Rooney mar an cainteoir is fearr ag Craobhchomórtais Díospóireachta Ollscoile na hEorpa i 2013.[3] Sula bheith ina scríbhneoir, bhí ról riaracháin aici i mbialann. Tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath.[2]
Gairm
Conversations with Friends
Chríochnaigh Rooney a chéad úrscéal—rud a rinne sí cur síos ar mar 'raiméis amach is amach'—nuair a bhí sí 15.[2] Thosaigh sí ag scríobh 'de shíor' ag deireadh na bliana i 2014. Chuir sí críoch ag a céad úrscéal, Conversations with Friends, nuair a bhí sí ag déanamh staidéir ar chéim mháistreachta i litríocht Mheiriceánach. Scríobh sí 100,000 focail den leabhar laistigh de trí mhí.
Foilsíodh an úrscéal i mí Meithimh 2017 ag Faber and Faber. Bhí sé ainmnithe le haghaidh an duais idináisiunta Dylan Thomas de chuid Ollscoil Swansea sa bhliain 2018[4] agus le haghaidh Duais Folio 2018.[5]
Normal People
Foilsíodh an dara húrscéal ag Rooney, Normal People, i mí Meán Fómhair 2018, ag Faber&Faber chomh maith.[6] Tháinig an t-úrscéal nuair a thosaigh Rooney ag fiosrú an stair idir an bheirt phríomhcharachtair an gearrscéal aici, At the Clinic.[7] I mí Iúil 2018, cuirtear Normal People ar fadliosta don bhliain sin le haghaidh an Duais Man Booker.[8] Ar an 27 Samhain 2018, bhuaigh sí Úrscéal Éireannach na Bliana ag Gradaim Leabhair na hÉireann[9] agus bhí an t-úrscéal ainmnithe le haghaidh Leabhar na Bliana 2018 ag Waterstones.[10] I mí Eanáir 2019, bhuaigh sé Gradam Leabhair Costa i gcatagóir na n-úrscéalta. Bhí sé ar an bhfadliosta le haghaidh Duais Dylan Thomas 2019 agus an Duais Ficsean na mBan 2019.[11]
Leabharliosta
Rooney, Sally (2017). Conversations with Friends. London: Faber and Faber. ISBN 9780571333127.
—— (2016). "At the Clinic". The White Review, Uimh. 18: Meán Fómhair 2016. ISBN9780992756291[14]
—— (2017). "Robbie Brady’s astonishing late goal takes its place in our personal histories". Foilsíodh ar shuíomh gréasáin an New Statesman é ar 12 Lúnasa 2017.[15]
—— (2019). "Mr Salary". London: Faber and Faber. ISBN9780571351954.[16] (Foilsíodh ar dtús i Granta 135: New Irish Writing Fiction ar 19 Aibreán 2016.)[17]
—— (2019). "Color and Light". The New Yorker, 18 Márta 2019.[18]
Filíocht
—— (2015). "Have I Been Severe?". The Stinging FlyEagrán 30, Imleabhar 2: Earrach 2015. ISBN9781906539443[19]
—— (2015). "Even If You Beat Me". The Dublin ReviewEagrán 58: Earrach 2015.[20]