S. Albert Kivinen

Infotaula de personaS. Albert Kivinen
Beathaisnéis
Breith19 Deireadh Fómhair 1933
Bás13 Lúnasa 2021
87 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfealsamh, docent Cuir in eagar ar Wikidata


Musicbrainz: 02b776a1-5b54-4981-b1c3-da7455d66cba Discogs: 430551 Cuir in eagar ar Wikidata

Fealsamh agus scríbhneoir Fionlannach ab ea Seppo Albert Kivinen (19 Deireadh Fómhair 1933 - 13 Lúnasa 2021). Rugadh in Ikaalinen sa bhliain 1933, ar 19ú lá de mhí Dheireadh Fómhair, é. Bhain sé amach dochtúireacht na fealsúnachta teoiriciúla in Ollscoil Heilsincí, áit a raibh sé ina léachtóir ina dhiaidh sin. Rinne sé taighde ar cheisteanna na honteolaíochta, go háirithe ar fhadhb na n-uilithe. Bhí cáil air freisin mar shaineolaí ar stair an diamhrachais agus na hasarlaíochta, agus é ina bhall ghníomhach de ghluaiseacht an sceipteachais san Fhionlainn.

Scríobh sé gearrscéalta i stíl H. P. Lovecraft, agus thiar sna hochtóidí, b'eisean, thar aon duine, a chuir saothar Lovecraft in aithne do na léitheoirí Fionlannacha. Bhí imeachtaí a chuid scéalta suite san Fhionlainn, agus greann deas ciúin ag baint leo nach bhfeicfeá a leithéid i scéalta Lovecraft féin. Sa bhliain 1988, bronnadh Duais Atorox air as an ngearrscéal úd Keskiyön Mato Ikaalisissa ("Péist an Mheán Oíche in Ikaalinen"), inar shuigh Kivinen arrachtach de chuid Lovecraft i dtimpeallacht a chéad óige féin.

Nasc seachtrach

[[Catagóir:Básanna in 2021]