Scríbhneoir mór le rá le linn Athbheochan na Gaeilge ab ea Séamas Ó Dubhghaill (a dtugtar Beirt Fhear air freisin).[1] Rugadh i gCúil Eanaigh i bParóiste na dTuaithe i gContae Chiarraí é sa bhliain 1855. Chuaigh sé ar scoileanna náisiúnta - Fatha, Cuileannach agus Cill Ghobnatan. Chaith sé dhá bhliain déag i Sasana, naoi mbliana in Albain, deich mbliana i nDoire Cholm Cille agus ceithre bliana déag i mBéal Feirste, ina "Supervisor Excise".
D’éag Ó Dubhghaill ar 30 Bealtaine 1929 in Ospidéal príobháideach Naomh Uinsionn, 94 Sráid Líosáin Íochtarach, Baile Átha Cliath.
A scríbhinní
- Trí Mion-scéilíní
- Beirt Fhear ón dTuaith
- Tadhg Gabha
- Leabhar Cainnte
- Cathair Conroí agus Scéalta eile
- Prátaí Mhichíl Taidhg
- Cléibhín Móna
Ábhar leabhar eile i gcló i 'Misneach'; 'Cainnt na Cathrach'; 'Muinntear na Tuatha'.
Tagairtí