Ar an 23 Iúil 1952, tharla coup d'état; cuireadh deachtóireacht mhíleata in ionad monarcachta bunreachtúla. Tugadh an Réabhlóid Éigipteach ar na himeachtaí. Treascraíodh an Rí Farouk agus a réimeas lofa. Bhí Gamal Nasser agus Mohamed Naguib i mbun an Éirí Amach.
Tugtar "Lá na Réabhlóide" ar an 23 Iúil san Éigipt inniu agus is lá saoire é.