Réabhlóid Fheabhra, 1917
B'í Réabhlóid Fheabhra[1][2] an chéad chéim de Réabhlóid na Rúise sa bhliain 1917.[3][4][5] Chuir an réabhlóid seo deireadh le hImpireacht na Rúise agus tús le poblacht liobrálach a mhair ar feadh leathbhliana. An RéabhlóidRéabhlóid ab ea í seo a chuir an Sár Nioclás II as cumhacht. B'eisean Impire deireanach na Rúise. I Mí Feabhra 1917, tháinig deireadh le réimeas an tSáir Nioclás a Dó. Tugadh faoi choimeád cosanta é ar an 16 Márta. ToradhDe thoradh na réabhlóide seo, chuaigh rialtas sealadach nua i gceannas ar an tír. Comhrialtas ab ea é a raibh polaiteoirí liobrálacha agus sóisialacha air, agus iad meáite ar stát agus sochaí na Rúise a athrú go hiomlán. Leis an stát a chur ar bhealach a leasa, chruthaigh siad cumhacht fheidhmitheach dhaonlathach agus comhthionól bunreachtúil. Ba ea Alexander Kerensky ar an bpolaiteoir ba thábhachtaí ar feadh leathbhliana. Bhí sé i gceannas ar Shóivéid Petrograd ar dtús, agus ansin ar Rialtas Sealadach na Rúise i ndiaidh Réabhlóid na Feabhra. B'é an fhadhb a bhain leis an rialtas seo ná nár éirigh siad as an gcogadh, cé go raibh tuirse ar mhuintir na Rúise ar fad i ndiaidh bhlianta fada an chogaidh. Ó bhí na Boilséivigh ag gealladh síochána, fuair siad cuid mhaith tacaíochta dá gcuid iarrachtaí an Rialtas Sealadach a chur ar ceal. Féach freisinTagairtí
Information related to Réabhlóid Fheabhra, 1917 |