Ruth Dudley Edwards
Iriseoir, staraí, craoltóir agus úrscéalaí coireachta Éireann is ea Ruth Dudley Edwards, a rugadh ar 24 Bealtaine 1944, i mBaile Átha Cliath. "Staraí athbhreithnitheach" a thugann sí uirthi féin.[1][2][3] Foilsítear a cuid shaothar i bPoblacht na hÉireann agus sa Ríocht Aontaithe araon. I measc post eile atá aici, is colúnaí í leis an Irish Sunday Independent (Ireland). CúlraRugadh agus tógadh Ruth Dudley Edwards i mBaile Átha Cliath agus oileadh í i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD), Coláiste Girton, Cambridge, agus Coláiste Wolfson, Cambridge. Staraí ab ea a hathair, an tOllamh Robert Dudley Edwards. Tá deartháir léi ina staraí in Ollscoil Dhún Éidinn. Sa bhliain 1965, phós sí céimí eile ó UCD, Patrick Cosgrave, iriseoir. Fuair siad colscaradh ní ba dhéanaí. Cuireadh síos ar a seanmháthair Bridget Dudley Edwards mar dhuine a bhí gníomhach leis an gCuntaois Plunkett agus ciorcail shóisialta dá leithéid.[4] Tagairtí
Information related to Ruth Dudley Edwards |