Sa bhliain 1978, bhain Sapolsky céim BA, summa cum laude, amach san antraipeolaíocht fhisiceach [en] ag Ollscoil Harvard.[7] Ansin chuaigh sé go dtí an Chéinia chun staidéar a dhéanamh ar iompraíocht shóisialta an bhabúin san fhiántas. Nuair a thosaigh cogadh idir Uganda agus an Tansáin, bheartaigh Sapolsky taisteal chuig Uganda chun an troid a fheiceáil lena dhá shúil féin. Chuaigh sé go Kampala, príomhchathair Uganda, agus uaidh sin go dtí an teorann leis an tSáír [en] (Poblacht Dhaonlathach an Chongó sa lá atá inniu ann), agus ar ais go Kampala arís. Chonaic sé roinnt troda, ina measc sin gabháil Kampala ag arm na Tansáine agus comhghuaillithe reibiliúnacha ó Uganda ar an 10–11 Aibreán 1979 (gabháil a chur deireadh le riail Idi Amin).[8] D’fhill Sapolsky ar Nua-Eabhrac ina dhiaidh sin agus rinne PhD sa néara-inchríneolaíocht [en] in Ollscoil Rockefeller [en], ag obair i saotharlann an inchríneolaí [en]Bruce McEwen [en].[9] Chríochnaigh sé a PhD sa bhliain 1984.[7][9]
I ndiaidh dó an chéad staidéar allamuigh [en] sin a dhéanamh san Afraic (a mhair bliain go leith), d’fhill sé ar an Afraic gach samhradh ar feadh cúig bliana is fiche – ó dheireadh na 1970idí go dtí go luath sna 1990idí – chun staidéar a dhéanamh ar an trúpa céanna babún. Chaith sé idir ocht agus deich n-uair an chloig in aghaidh an lae ar feadh thart ar cheithre mhí gach bliain ag taifeadadh iompraíocht na mbabún seo.[10]
Gairm bheatha
Ina chuid oibre mar thaighdeoir, tá Sapolsky tar éis díriú ar cheisteanna a bhaineann le strus agus meathlú néarónach, chomh maith leis na féidearthachtaí atá ann maidir le straitéisí géinteiripe [en] a d’fhéadfadh cosaint a thabhairt do néaróin shoghabhálacha.[11] Tá obair déanta aige chomh maith ar mhodhanna aistrithe géine chun nearóin a chosaint ó éifeachtaí díchumasaithe na nglúcacortacóideach [en].[12] Gach bliain caitheann sé am sa Chéinia ag déanamh staidéar ar thrúpa babún fiáin, ag iarraidh na foinsí struis ina dtimpeallacht a aithint agus an gaol a fhiosrú idir phearsantachtaí na n-ainmhithe agus na tinnis sin a bhfuil baint ag strus leo.[9] Go sonrach, déanann Sapolsky staidéar ar na léibhéil chortasóil [en] san fhireannach agus sa bhaineannach alfa, agus sna hainmhithe íochtaránacha, chun na léibhéil struis a mheas. Sa bhliain 1990, rinne sé cur síos ar roinnt dá chuid staidéar ar bhabúin ghlasbhuí in alt dar teideal Stress in the Wild san iris Scientific American [en].[13] Tá roinnt alt scríofa aige ar lagú néareolaíoch agus ar an gcosaint gealtachta [en] i gcórás dlí SAM chomh maith.[14][15]
Tógadh Sapolsky mar Ghiúdach Ceartchreidmheach [en] ach is aindiachaí anois é.[29] Tá sé ráite aige gurb é an cor cinniúnach is mó ina shaol le linn a ógantachta ná scaradh le creideamh de gach uile chineál.[30]
Saol pearsanta
Tá Sapolsky pósta ar Lisa Sapolsky, bean a bhfuil dochtúireacht aici sa néaraisíceolaíocht.[4] Tá beirt pháistí acu, Benjamin agus Rachel.[4]
Leabhair
Stress, the Aging Brain, and the Mechanisms of Neuron Death (MIT Press, 1992) ISBN0-262-19320-5