In eolaíocht an eolais, is próiseas é rialú údaráis (authority control) a eagraíonn faisnéis, mar shampla i gcatalóga leabharlainne, trí úsáid a bhaint as litriú aonair sainiúil ar ainm (a dtugtar ceannteideal air), nó as aitheantóir uimhriúil ar gach topaic. Eascraíonn an focal “údarás” ón smaoineamh go bhfuil ainmneacha daoine, áiteanna, rudaí, agus coincheapa “údaraithe”, .i., go bhfuil siad socraithe i bhfoirm amháin. Cuirtear na ceannteidil nó na haitheantóirí uathúla seo i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na gcatalóg a bhaineann úsáid as an gcomhad údaráis, agus cuirtear i bhfeidhm iad ar mhodhanna eile chun sonraí a eagrú, mar shampla sonraí idirnasctha agus crostagairtí.
Bunachair sonraí a mbaintear úsáid astu sa rialú údaráis:
Leabharlanna náisiúnta
Biblioteca Nacional de España (Leabharlann Náisiúnta na Spáinne) (BNE)[1][2]