Ba é Eric XIV na Sualainne (Sualainnis: Erik XIV; 13 Nollaig 1533 – 26 Feabhra 1577) Rí na Sualainne ó 1560 go dtí gur cuireadh ó choróin é sa bhliain 1569. Ba é an mac ba shine le Gustav I (1496–1560) agus Catherine de Saxe-Lauenburg (1513–1535). Bhí sé ina rialtóir ar an Eastóin freisin, tar éis gur chloígh an tSualainn an tír sin sa bhliain 1561.