Baile i gContae Dhún na nGall is ea Ráth Maoláin.[1][2] Tá cáil aige mar phointe imeachta na dtaoiseach Gaelach, Aodh Ó Néill, Ruairí Ó Domhnaill agus Cúchonnacht Mag Uidhir, a d'imigh den Éirinn i 1607 san eachtar a dtugtar Teitheadh na nIarlaí uirthi. Tá sé suite in aice le Loch Súilí: tá trá ag an bhaile, agus is é pointe imeachta thiar Charrchaladh Loch Súilí é, carrchaladh a dhéanas an t-aistear i rith na míonna samhraidh idir Ráth Maoláin agus Bun Cranncha, ar thaobh oirthearach na locha.
Sa bhliain 2016, bhí 493 daoine ina gcónaí sa bhaile; maolú 25 daoine (-4.8%) ó 2011. Déantar cur síos ar athruithe ar an daonra sna blianta anuas sa tábla seo thíos:[3][4]
Bliain
|
Daonra
|
Athrú
|
Athrú, %
|
2006
|
469
|
-
|
-
|
2011
|
518
|
+49
|
+10.4%
|
2016
|
493
|
-25
|
-4.8%
|
Iompar
Ritheann an bus 300, arna hoibriú ag TFI Local Link, seacht lá sa tseachtain idir Leitir Ceanainn, Ráth Maoláin, agus Teach Solais Fhánada, trí Ráth Mealtain, an Cheathrú Chaol, Port an tSalainn agus Baile Láir.[5]
Gailearaí
Féach freisin
Tagairtí