Tá Páirc Aonaigh Del Mar[1] i gContae San Diego, California, Is faoi úinéireacht Stát California atá an 370 acra a bhfuil páirc na rásaí mar chuid díobh. Is ann a bhíonn Aonach Chontae San Diego,[2] an ceann is mó dá shórt i Meiriceá, áit a mbaineann traidisiún láidir lena leithéid.
Tá traic rásaíochta ann freisin. Ritheadh rásaí ansiúd don chéad uair i 1937. Bhí an crónánaí Bing Crosby ar dhuine de bhunaitheoirí thraic rásaíochta Del Mar. Sheas sé féin taobh amuigh de na geataí le fáilte a chur roimh dhaoine.
Éire
In 2017, bhí rása de chuid an Breeders Cup buaite ag Aidan O’Brien le Mendelssohn i Del Mar.[3][4][5]
Féach freisin
Tagairtí