Is na 'cúig uisce' ná na habhainn an Jhelum, an Chenab, an Ravi, an Sutlej, (gur craobh-aibhneacha na h Iondúise iad, an Jhelum an ceann is mó díobh.) agus an Iondúis féin.
Cuimsíonn Puinseáb anois críocha fairsing in oirthear na Pacastáine agus in iarthar na hIndia thuaidh. Tá mórchuid an Phuinseáb, sé sin 56% di, laistigh den Phacastáin agus 44% laistigh de Phoblacht na hIndia, cé go bhfuil an réigiún a roinnte i dtrí stát.
Cultúr
Tugtar Puinseábaigh ar mhuintir Phuinseáb agus tugtar Painseáibis ar a dteanga. Is iad príomh-reiligiúin an réigiún ná Ioslam, Suíceachas agus Hiondúchas. Bhíodh grúpaí reiligiúnacha agus eitneacha éagsúla ina gcónaí sa réigiún seo ina labhraítear teangacha Ind-Airianaigh.
Stair
Tá stair fhada agus oidhreacht chultúrtha shaibhir ann.
Cuireadh críochdheighilt i bhfeidhm ar an réigiúin sa bhliain 1947, nuair a tháinig deireadh leis an Réimeas Briotanach agus nuair a bunaíodh an Phacastáin agus an India, na tíortha chomharbais. Roinneadh Puinseáb, mar a bhí, eatarthu.
Tagairtí
↑""Puinseáb"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-11-03.