Tháinig Fleming ar pheinicillin timpeall an ama chéanna le Howard Florey is Ernst Chain. Shaothraigh Florey, Chain is daoine eile in Oxford ar an eachtra, agus taispeánadh iarmhairt iontach chliniciúil na peinicilline den chéad uair i 1941. Bíodh is gur saothraíodh an-chuid frithbheathach eile idir an dá linn, is ceann de na frithbheathaigh is tábhachtaí fós í, agus a díorthaigh, cosúil le haimpicillin is beinsilpheinicillin.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.