Saolaíodh Peatsaí Ó hEadhra i Sráid an Easpaig i nDoire é, agus Peggy O'Hara ainm dá mháthair. Chuaigh sé i bhFianna na hÉireann sa bhliain 1970. Sa chéad bhliain eile, himtheorannaíodh a dheartháir ar an gCeis Fhada.
Nuair a bhí an bhliain 1971 ag druidim chun deireanais, ghortaigh piléar Gallda é ag baracáid sráide. Gortaithe is mar a bhí sé (in aois 14), ní raibh Peatsaí ábalta páirt a ghlacadh i mórshiúl Dhomhnach na Fola. Ach bhí sé ag amharc ar lucht na máirseála nuair a chuaigh siad thar bráid, agus chuaigh imeachtaí an lae go mór i bhfeidhm air.
IRSP / INLA
I Mí Dheireadh Fómhair 1974, himtheorannaíodh Peatsaí Ó hEadhra ar an gCeis Fhada. Nuair a scaoileadh saor leis arís, in Aibreán 1975, chuaigh sé i bPáirtí Poblachtach Sóisialach na hÉireann (an tIRSP) agus in Arm Fuascailte Náisiúnta na hÉireann (an tINLA).
Gabhadh Peatsaí i nDoire i Meitheamh 1975 (in aois 17), agus coinníodh istigh ar athchur é ar feadh leathbhliana.
I Mí Mheán Fómhair 1976, gabhadh arís é, agus coinníodh ar athchur é ar feadh cheithre mí eile.
Chuaigh Peatsaí Ó hEadhra go Baile Átha Cliath, agus shocraigh sé síos ansin. Bhí sé ina bhall gníomhach d'Ard-Chomhairle an IRSP. Ar an 10 Bealtaine1978, gabhadh an t-ógánach i Sráid Uí Chonaill faoi Alt 30 den Acht um Choireanna i gcoinne an Stáit. Ach scaoileadh chun siúil arís é i gceann ocht n-uaire déag.
D'fhill sé go Doire in Eanáir 1979, áit a raibh sé gníomhach san INLA.
Ceis Fhada
Ar an 14 Bealtaine1979, gabhadh é. In Eanáir 1980. Bhí gránáid láimhe aige ag an am. Daoradh chun ocht mbliana príosúnachta é, i gCeis Fhada. Chuaigh sé "ar an mblaincéad", áit a raibh a dheartháir Antoine cheana féin, agus é ar an mblaincéad roimhesean.
Nuair a thosaigh an chéad stailc ocrais sa bhliain 1980, rinneadh Oifigeach Ceannasach na bpríosúnach ón INLA de, agus ar an 22 Márta1981, chuaigh sé féin ar céalacan mar dhuine acu siúd a bhí le bás a fháil i mór-stailc ocrais na hÉireann.
Bás
Déardaoin, an 21 Bealtaine, ag a 11.29 iarnóna, shíothlaigh Peatsaí Ó hEadhra i ndiaidh aon lá is trí scór a chaitheamh ar céalacan. Ní raibh sé ach trí bliana fichead d'aois.
B'iad na focail dheireanacha a chualathas a rá é ná "Go leantar leis an gcath!"