Sa bhliain 1934 chuir sé síos ar sholas gorm a astaíodh as uisce is ábhair thrédhearcacha eile nuair a thaistil cáithníní fo-adamhacha tríothu ar luas níos mó ná luas forleata an tsolais sa mheán sin.
I 1937, le Ilya Frank is Igor Tamm, rinne sé taighde ar an iarmhairt seo chun a meicníocht a mhíniú. Roinn an triúr Duais Nobel san Fhisic sa bhliain 1958 as.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.