Ba é Póilíní Chathair Átha Cliath (PCÁC) (nó i mBéarla Dublin Metropolitan Police (DMP)) fórsa póilíneachta Chathair Átha Cliath, Éire, ó 1836 go 1925, nuair a cónascadh é leis an nGarda Síochána nua.
Stair
19ú haois
Bhí mór-athchóirithe ar phóilíní Chathair Átha Cliath sa bhliain 1786 agus 1808.[1] Thosaigh póilíneacht tuaithe in Éirinn nuair a chruthaigh Robert Peel, Príomh-Rúnaí na hÉireann, an Fórsa um Chaomhnú Síochána i 1814. Dearadh an fórsa bunúsach póilíneachta seo chun póilíneacht a chur ar fáil i gceantair thuaithe na hÉireann, in áit chóras faireadóirí, constablaí barúnacha, oifigigh ioncaim agus fórsaí míleata na Breataine den 18ú haois. Ina dhiaidh sin bhunaigh Peel Póilíní Chathrach Londain.
Sa bhliain 1822, chruthaigh Acht nua ceithre Chonstáblacht "Contae" feabhsaithe, a raibh a n-eagraíocht bunaithe ar chúigí traidisiúnta na hÉireann.
1836: athchóiriú
Sa bhliain 1836, nascadh na constáblachtí contae a isteach i gConstablacht na hÉireann nua, agus cuireadh deireadh leis an bhFórsa um Chaomhnú Síochána. Ag an am céanna, bunaíodh fórsaí neamh-pharaimíleatacha ar leith sna cathracha is mó: Áth Cliath, Béal Feirste, agus Doire. Braitheadh go raibh easpa neamhchlaontachta ag fórsaí póilíneachta Bhéal Feirste agus Dhoire, tar éis círéibeacha sna cathracha sin, agus dá bharr sin slogadh an dá cheann acu isteachi san bhfórsa náisiúnta i 1865 agus 1870 faoi seach, agus níor choinnigh ach Baile Átha Cliath a fhórsa ar leithligh. Bunaíodh PCÁC faoi Acht Póilíneachta Bhaile Átha Cliath 1836 [2] mar fhórsa neamharmtha agus gan faoi éide de mhíle chonstablaí lae agus oíche. Bhí an eagraíocht, a bhí faoi rialú an Chaisleáin, níos freagraí ná na constáblaí agus lucht faire oíche neamhoilte a tháinig ina n-ionad.[1][3]