Staid spóirt Éireannach í Páirc an Phiarsaigh (Béarla: Pearse Stadium), atá suite i lár na Gaillimhe. Is í an staid is mó i gContae na Gaillimhe í, agus is é an áit ina bhfuil craobh de Chumann Lúthchleas Gael bunaithe sa chontae. Is sa staid seo a imríos foirne iománaíochta agus peile an chontae a gcuid cluichí.
Cuirtear ceolchoirmeacha ar siúl i bPáirc an Phiarsaigh freisin.
Stair
Osclaíodh an staidiam ar an 16 Meitheamh 1957, nuair a tháinig 16,000 duine amach chun féachaint ar Gaillimh ag fáil an lámh in uachtar i gcoinne Chiarraí sa pheil agus Tiobraid Árann san iomáint.
Thit an staid as úsáid ag tús na 1990idí. Rinneadh athchóiriú mór ann sa bhliain 2002, ámh, agus athosclaíodh é i mí Bealtaine 2003 le cóir suí níos mó, 20,000 duine.
Naisc sheachtracha
| Is síol a bhaineann le spórt é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |