Feisire Parlaiminte ón toghceantar Saint Peter i mBarbadós ba ea Owen Seymour Arthur,PC., MP., BA., MSc. (17 Deireadh Fómhair 1949 a rugadh é).
Ba é Arthur an 5ú Príomh-Aire Bharbadós agus é ina cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre a bhuaigh san olltoghcháin 1994 agus arís i 1999 & 2004.
Oileadh in Ollscoil na nIndiacha Thiar é, áit ar bhain sé céim amach in eacnamaíocht agus stair i 1971 agus MSc in eacnamaíocht sa bhliain 1974. Bhí post i nGníomhaireacht Pleanála Náisiúnta Iamáice aige agus post san Institiúid Báicsíte Iamáice aige tar éis a chéim a bhaint amach. Chuaigh sé isteach in Aireacht Airgeadais agus Pleanála Barbadós.
Ceapadh go dtí Seanad Bharbadós é i 1983 agus toghadh go dtí Teach an Tionóil i 1984 é.
Tagairtí