Iriseoir Éireannach, agus comhfhreagraí cogaidh leis an BBC, is ea Orla Guerin, MBE (a rugadh ar 15 Bealtaine 1966).[1]
Gairm
Rugadh Orla Guerin i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1966. D’oibrigh sí leis an Sunday Tribune sular oibrigh sí mar iriseoir le RTÉ agus í ag tuairisciú ó oirthear na hEorpa.[2]
Sheas sí mar iarrthóir ag Páirtí an Lucht Oibre i dtoghchán na hEorpa i 1994. Ach níor éirigh léi suíochán a fháil.[3]
BBC
Tá Orla Guerin leis an BBC ó 1995. Is iomaí láthair chogaidh is achrainn a ndearna sí tuairisceoireacht as ó shin.
Bhí Guerin lonnaithe i gCív ó Feabhra 2022 ar aghaidh. Bhí sí ar dhuine de na hiriseoirí a bhí curtha faoi chosc ag an Rúis i mí Meithimh 2022 Dúradh go raibh a cuid tuairisceoireachta “claonta” ag cothú “fuath ar an Rúis”.[2]
Onóracha
Tá gradaim iriseoireachta go leor saothraithe aici, céim oinigh ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh in 2019 ina measc.
Bhronn Banríon Shasana MBE uirthi in 2004.[4]
Pearsanta
Phós Guerin Michael Georgy sa bhliain 2002.[5]
Féach freisin
Tagairtí