Páirtíneach a bhí in Fallaci agus í óg le linn an Dara Cogadh Domhanda. Gortaíodh go dona í le linn Sléacht Tlatelolco i Meicsiceo sa bhliain 1968.
Iriseoireacht
Scríobh sí go minic faoi chogaíocht agus réabhlóidí, agus thuill an iliomad agallamh a chuir sí ar cheannairí as gach cearn den domhan clú faoi leith di.
Ar na hagallaimh fhada sa leabhar úd sin aici Interview with History tá agallaimh le hIndira Gandhi, Golda Meir, Yasser Arafat, Zulfikar Ali Bhutto, Willy Brandt, Mohammad Reza Pahlavi (seá na hIaráine), Henry Kissinger, an Uachtarán Nguyễn Văn Thiệu i Vítneam Theas agus an Ginearál Vítneamach Thuaidh Võ Nguyên Giáp.
In Playboy a foilsíodh an t-agallamh le Kissinger, a scríobh ní ba dhéanaí gurbh é an comhrá ba thubaistí a rinne sé riamh le duine den phreas. Chuir sí agallamh ar Deng Xiaoping, Lech Wałęsa, Muammar Gaddafi, Cayetana Fitz-James Stuart, 18ú Bantiarna Alban, agus ar dhaoine eile nach iad.
I ndiaidh éirí as an iriseoireacht di, tharraing sí an spotsolas uirthi féin arís le sraith alt agus leabhar conspóideacha faoi Ioslam, leabhair a cháin a lán daoine ach a fuair tacaíocht ó roinnt daoine eile.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.