Iriseoir, léachtóir, staraí, craoltóir dearscnaitheach agus gníomhaí teangan ab ea Nollaig Ó Gadhra (16 Nollaig 1943 - 13 Lúnasa 2008,.[1] agus fear meabhrach ildánach chomh maith.[2][3]
Chaith sé sealanna ag obair le RTÉ, an nuachtán Inniu, Fáilte an Iarthair agus Gaeltarra Éireann sula ndeachaigh sé ag obair mar léachtóir i gCeardcholáiste Réigiúnach na Gaillimhe.
Saol
Rugadh Nollaig Ó Gadhra i bhFíonach, Contae Luimnigh. B’as Fíonach dá athair David agus b’as na Foidhrí, Co. Chiarraí, dá mháthair Hannah Flynn. I Meiriceá a casadh an bheirt ar a chéile.[4] Cuireadh meánscolaíocht air i nDrom Collachair agus, ó 1960 go 1962, i scoil Bhráithre De La Salle, Port Láirge.
Céimí é de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Gaeilge agus Stair mar ábhair céime aige. Bhain sé amach freisin ard-teastas san oideachas (H.Dip in Ed.).
Bhí cónaí air sna Forbacha, Conamara, le fada an lá. Chaith sé go leor dá shaol ag streachailt le tinneas; bhí an diaibéiteas ainsealach srl air. Bhásaigh sé go tobann agus go hóg i mí Lúnasa 2008.[1]
Tá a iníon, Máirín Ní Ghadhra, ina hiriseoir le Raidió na Gaeltachta.
Gairmréim
Scríobh sé 12 leabhar neamhfhicsin ar a laghad (liosta thíos). I measc na saothar óna láimh bhí beathaisnéisí ar Mahatma Gandhi, Éamonn Iognáid Rís, John Boyle O’Reilly, agus Richard J. Daley. Bhí suim ar leith aige leis an stair a bhain le bunú an Stáit agus cúrsaí polaitíochta ó shin agus scríobh sé leithéid Ríocht Roinnte agus Guth an Phobail bunaithe ar an taighde sin.[3]
Foilsíodh iliomad alt, léacht agus paimfléad leis i rith a shaoil freisin. Chaith sé seal fada ina cholúnaí leis an nuachtán Lá agus bhí ailt i gcló aige go minic sna nuachtáin mar An tUltach, Feasta (tuairim is 150 píosa) agus Comhar (ocht n-aiste agus tríocha idir 1965 agus 1985).
Chaith sé a shaol proifisiúnta mar léachtóir iriseoireachta i gCeardcholáiste Réigiúnach na Gaillimhe (anois Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, GMIT). D'éirigh sé as a phost i 2002.
Gaeilge
Díograiseoir a bhí ann freisin i leith na Gaeilge agus athbheochan na teanga. I 2004 toghadh é mar uachtarán Chonradh na Gaeilge. B'é Ó Gadhra an 30ú Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, agus tháinig sé i gcomharbacht ar Sheágh Mac Siúrdáin.
Ba bhall de bhunaitheoirí TG4 é freisin.
Leabhair
- Éamann Iognáid Rís (1977, 1996)
- An Ghaeltacht (oifigiúil) agus 1992? (1989)
- An Chéad Dáil Éireann, 1919-1921 agus an Ghaeilge (1989)
- Margáil na Saoirse (1988)
- Éire agus Polaitíocht na hEorpa: Léargas ar Thoghcháin Dhíreacha an Chomhphobail Eorpaigh (1986)
- Ríocht Roinnte: Cúlra agus Ceachtanna Olltoghchán Westminster 1983 sna Sé Chontae (1985)
- Guth an Phobail : Teip an Daonlathais ar Oirthuaisceart Éireann (1984)
- Gaeltacht Mhaigh Eo (gan dáta)
- Richard J. Daley, Méara Chicago (1979)
- John Boyle O’Reilly agus an Glór Gael-Mheiriceánach (1976)
- 1972 (gan dáta)
- Gandhi (1969)
Tagairtí