Deirtear gur chuir a leabhar De revolutionibus orbium coelestium (I dtaobh Imrothlú na Sféar Neimhe1543)[1] tús leis an réalteolaíocht nua-aimseartha. Luaitear an leabhar seo agus PrincipiaNewton mar bhunús na réabhlóide eolaíochta.[2]
"Is faoina ainm Laidinithe, Nicolaus Copernicus, is fearr atá aithne againn ar an réalteolaí Polannach úd ar na saolta seo agus is minic go dtagraítear do shloinne Copernicus d’fhonn athrú ollmhór ar bith a chur in iúl leis an nath ‘réabhlóid Choparnaiceach’."[3]
Níor éirigh le Copairnic a theoiricí a fhoilsiú go raibh sé aosta go leor, de bhrí go raibh eagla air roimh na húdaráis eaglasta sa Róimh.
Teoiricí
Ba é an chéad eolaí é a d'fhógair an córas héilealárnach, teoiric a deir go dtéann an domhan agus pláinéid eile an ghrianchóras timpeall na gréine. Is é a chruthaigh go rothlaíonn an domhan agus go dtimpeallaíonn an domhan is na pláinéid eile sa ghrianchóras an ghrian féin. Luaitear an córas héilealámach seo mar chóras Copemicus. Roimhe sin, creideadh gurbh é an domhan lár na cruinne agus go raibh gach rinn eile ag dul ina thimpeall.