Neart teanntachta

Is é neart teanntachta[1] an strus i dteannas is gá chun ábhar a bhriseadh. Úsáidtear σ mar siombail dó, agus tomhaistear in aonaid Pa (pascal) é. Maidir le miotal, bíonn an tréith seo ag a huasluach nuair a fhuartharraingítear ina shreang é. Nuair a chuirtear strus níos lú ná an neart teanntachta i bhfeidhm ar ábhar, tagann míchumadh (fadú) plaisteach ar an gcuid is mó díobh. Bíonn neart 2 × 109 Pa ag sreang cruach piano, agus σ = 2 × 108 Pa ag iarann teilgthe.[2]

Tagairtí

  1. “neart teanntachta” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-09-12.
  2. Hussey, Matt (2011). "Neart teanntachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 481.