Na hAoraí

Bosca Geografaíocht PholaitiúilNa hAoraí

Suíomh
Map
 51° 41′ N, 9° 57′ O / 51.68°N,9.95°W / 51.68; -9.95
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Logainm.ie1412764
Aithnítear Baile na nAoraí mar gheall ar na tithibh ildaitibh a fhaightear ann

Baile fearainn agus sráidbhaile in Éirinn is ea Na hAoraí[1] (Béarla: Eyeries). In iardheisceart na tíre atá sé suite, i mBéarra i gContae Chorcaí.

Ainm

Os na haoirí a bhíodh ag mairiúint san áit is cosúla go dtagann ainm sin 'Na hAoraí', cé go dtugtaí 'Na hEiríghe' agus 'Na hIar-Righthe' mar leaganacha air ar uairibh leis.[1]

Tíreolaíocht

Mioscais is é sa chúlra i mBaile na nAoraí

Tá Na hAoraí suite ar leathaill i bParóiste Chill Chaitiairn ar thaobh thuaidh Bhéarra, ag féachaint siar ar Bhá na Cuaillí, ar an Scairbh agus ar Dhuínis. Laisteas uathu tá Mioscais, agus tá Pointe Chill Chaitiairn agus Inis Fearn Ard le feiscint lastuaidh.

Do bhí 153 daoine ag mairiúint i mbaile fearainn na nAoraí de réir Dhaonáirimh 2022, maraon le 108 ar na hAoraíbh Bheaga, atá cos leis.[2]

Stair

Tá paróiste Chill Chaitiairn ainmnithe i ndiaidh na cille Meán-Aoise seo lastuaidh os na hAoraíbh

Cultúr

Seanchas ⁊ Béaloideas

Deirtear gurb í an chloch seo a deineadh den Chailleach Bhéarra, i ndiaidh di bíobla Naoimh Chaitiairn a ghoid

Tagairtí