Bhí ballraíocht de 180,000 duine ag Óglaigh na hÉireann faoi lár 1914. Ach tharla scoilt eatarthu sa bhliain sin faoi ar chóir nó nár chóir dá mbaill liostáil i bhFórsa na Breataine chun dul ag troid i gcogadh na hEorpa. Chuir thart ar 11,000 duine go láidir ina aghaidh seo agus choinnigh siad an t-ainm bunaithe. Tugadh na hÓglaigh Náisiúnta ar an gcuid eile.[2]
“Gabhaigí chuig cibé áit a bhfuil an líne thosaigh, leis an cheart, an tsaoirse agus an creideamh a chosaint sa chogadh seo. ”Bheadh a mhalairt d’iompar ina ábhar náire dár dtír go deo.[7]
Scoilt san eagraíocht
Chruthaigh tacaíocht Redmond don Chogadh scoilt i ngluaiseacht na n-óglach. Tar éis do John Redmond iarraidh ar Óglaigh na hÉireann dul ag troid sa chogadh, chuir coiste sealadach na nÓglach, a raibh Eoin Mac Néill ina Cheann Foirne air, scoilt san eagraíocht.[8] Ar an 24 Meán Fómhair1914, i ráiteas sínithe ag Pádraig Mac Piarais, Seosamh Pluincéid agus poblachtaigh mhóra eile,[9] shéan Coiste Sealadach Óglaigh na hÉireann ceannas Redmond ar an eagraíocht. Mhaígh nach féidir le hÉirinn “with honour or safety, take part in foreign quarrels otherwise than through the free action of a National Government of her own”.
Éasaontú
Thaobhaigh tromlach na mball le Redmond, agus thug siad na "hÓglaigh Náisiúnta" orthu féin. Choinnigh na baill a d’fhan sa bhaile an t-ainm Óglaigh na hÉireann. Ar fud na tíre, thacaigh 93% de na hÓglaigh le Redmond.[10] Ceapadh nach dtacódh aon duine le Mac Néill. Ach thacaígh timpeall 12,000 leis, fad agus a thacaígh 158,000 eile le Mac Réamoinn agus athchóiriú á dhéanamh acu orthu féin faoin ainm Na hÓglaigh Náisiúnta.
As an méid seo áfach, níor ghlac ach 25,000 ballraíocht in Arm na Breataine Móire faoi mhí Feabhra 1917.