Ailtire Meiriceánach ab ea Minoru Yamasaki1 Nollaig1912 - 7 Feabhra1986. Aithnítear é thar aon rud eile as an chéad Ionad Trádála Domhanda I gCathair Nua-Eabhrac. Smaointear faoi mar dhuine de bheirt mháistir-chleachtóirí an nua-fhoirmiúlachas agus ar mhórailtirí an 20ú haois. I measc na foirgneamh a dhear sé tá an WTC, an Federal Reserve Bank of Richmond (Virginia), agus Túr Rainier i Seattle.
Rugadh Minoru Yamasaki i Seattle, Washington i 1912 do bheirt imirceach ón tSeapáin. Rinne staidéar in Ollscoil Washington agus Ollscoil Nua-Eabhrac. Níor cuireadh i ngéibheann é mar Sheapánach-Mheiriceánach le linn an Dara Cogadh Domhanda mar bhí sé ag ina chónaí i Nua-Eabhrac faoin am sin. Choimeád sé a thuismitheoirí saor freisin mar thug sé aniar go Nua-Eabhrac iad. D’éag sé den ailse sa bhliain 1986.