Michael Caine

Infotaula de personaMichael Caine

(2012) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Maurice Joseph Micklewhite Cuir in eagar ar Wikidata
14 Márta 1933
91 bliana d'aois
Rotherhithe, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síHackney Downs School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheWindsor
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir scannáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1956 –  2012
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
CoinbhleachtCogadh na Cóiré
Eile
Teideal uasalRidire Baitsiléra Cuir in eagar ar Wikidata
CéilePatricia Haines (1954–1958)
Shakira Caine (1973–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteNatasha Caine
 ( Shakira Caine)
Dominique Caine
 ( Patricia Haines) Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínStanley Caine

Veu de Michael Caine (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáinmichaelcaine.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0000323 Allocine: 2535 Rottentomatoes: celebrity/michael_caine Allmovie: p10198 111336 Metacritic: person/michael-caine TV.com: people/michael-caine TMDB.org: 3895
X: themichaelcaine Musicbrainz: 97876f5b-e4f8-4202-a2ed-4a510ab817d0 Songkick: 376172 Discogs: 435389 Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh an t-aisteoir Michael Caine (Maurice Joeseph Micklewhite) i Londain in 1933. Is aisteoir mór le rá é Caine a bhfuil blás ‘Cockney’ ar leith ar a chuid cainte. Tá níos mó ná 160 scannán déanta aige le linn a ghairm fhada agus áirítear é mar réalta de chuid an chultúir Shasanaigh.

Bronnadh roinnt mhaith gradam air, dhá ghradam Oscar san áireamh. Bhain sé clú agus cáil amach agus é ag glacadh príomhpháirteanna i scannáin éagsúla, leithéidí Zulu, The Ipcress File, The Italian Job agus Battle of Britain. Fuair sé dhá ainmniúchán mar ‘an tAisteoir Tacaíochta Is Fearr’ le haghaidh na scannán Hannah and Her Sisters agus The Cidar House Rules. Ghlac sé ról i scannáin eile a ainmníodh do ghradam Oscar: Alfie, Sleuth, Educating Rita agus The Quiet American. Tá clú air as a chuid léiriúchán i scannáin Christopher Nolan chomh maith. Bhí sé páirteach ina chuid scannán The Batman Triolgy, Inceptation agus Dunkirk.

I mí Dheireadh Fómhair 2023, fógraíodh go mbeadh Caine ag dul ar scor agus é 90 bliain d’aois.

Tús a Shaoil

Rinne sé a chéad dráma riamh agus é deich mbliana d’aois sa scoil. Ghlac sé páirt ‘Athair na nDeirfiúracha Gránna’ sa leagan den dráma Luaithríona. Nuair a tháinig sé ar stáitse, ní raibh an zip ar a bhríste dúnta aige agus thosaigh an lucht féachana ag gáire faoi. Spreag an taithí rud éigin ann agus thosaigh sé ag dul sa tóir ar ghairm bheatha leis an aisteoireacht ón uair sin.

In 1952, gaireadh é chun seirbhís mhíleata a dhéanamh agus bhí sé ar fiannas le linn an chogaidh sa Chóiré. Bhí taithí uafásach aige agus é san arm - ba gheall lena bhás aige é. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar a shaol agus scríobh sé ina bheathaisnéis The Elephant to Hollywood go bhfuil sé ag maireachtáil ó nóiméad go nóiméad san am i láthair ón uair sin i leith.

Athrú Ainm

Thosaigh Caine ag obair i gcúrsaí drámaíochta in 1953. D’úsáid sé an t-ainm Michael White ar an gcéad dul síos ach dúradh leis go raibh aisteoir eile darbh ainm Michael White ann agus nach bhféadfaí an t-ainm a úsáid faoi dhó agus bhí air ainm nua a chruthú láithreach. Bhí Caine ag caint lena ghníomhaire ó bhosca teileafóin ar Leicester Square agus é ag breathnú thart ag iarraidh inspioráid a aimsiú chun ainm difriúil a phiocadh. Thug sé faoi deara go raibh fógra pictiúrlainne le feiceáil don scannán The Caine Mutiny. Shocraigh sé ar an sloinne Caine agus Michael Caine a tugadh air ó shin i leith.

Saol Pearsanta

Phós Caine aisteoir eile, Shakira Baksh, in 1973 agus tá iníon amháin acu. In 2016 d’athraigh Caine a ainm ó Micklewhite go Caine go dlíthiúil. Bhíodh fadhbanna i gcónaí aige agus é ag dul trí rialú pasanna. Dúirt sé go gcuireadh sé go leor ama amú agus é ag míniú cén fáth a raibh Micklewhite scríofa ar a phas agus clú agus cáil air mar fhear darb ainm Caine.

Tá dhá leabhar cuimhní cinn scríofa ag Caine, What’s it All About agus The Elephant to Hollywood, agus leabhar aisteoireachta bunaithe ar cheardlann aisteoireachta a thug sé dar teideal Acting in Film: An Actor’s Take on Moviemaking. Foilseofar an scéinséir Deadly Game, leabhar nua leis, i mí na Samhna 2023.

Roghnú scannán

Naisc sheachtracha