Buaileann an galarmeiningíteas daoine, daoine óga go háirithe, de bharr galrú le víris nó baictéir.
Is marfaí ar fad an galrú le baictéir ná an galrú le víris. Bíonn baictéir éagsúla ciontach as.
Diagnóis
Tógann na trialacha diagnóise an-chuid uaireanta an chloig, rófhada d'othair óga. Ó am go chéile faigheann páiste óg bás taobh istigh de 12 uair i ndiaidh tús na siomptóm: urlacan, teocht ard, tinneas géar cinn, dolúbthacht muiníl, col le solas geal (fótafóibe), codlatacht, taomanna, is cóma.
Tá an-iarracht ar siúl triail nua á fhorbairt chun an diagnóis a bhrostú. Tógtar sampla fola ón othar, agus measctar páirteagail an-bheaga laitéise, atá clúdaithe le hantasubstaintí meiningítis, ann. Bíonn antashubstantaí éagsúla in úsáid ar shamplaí éagsúla fola.
Cóir leighis
Má bhíonn meiningíteas baictéir sa bhfuil, imoibríonn an hantasubstaintí leis an antaigin chuí sna baictéir, fiú má tá frithbheathaigh tógtha ag an othar. Greamaíonn na páirteagail laitíse a bhfuil antaigin orthu le chéile.
Úsáidtear tonn ultrafhuaime a sheoltar tríd an sampla fola chun an greamú is an teacht le chéile seo a dheifriú. Muna mbíonn aon antaigin sa bhfuil, ní tharlaíonn aon teacht le chéile. Leis an triail seo, tá dóchas ann gur féidir an saghas meiningítis a aithint taobh istigh de nóiméid. Chuirfeadh sé seo le héifeacht na gcóracha míochaine agus laghdódh marfacht an ghalair.
In Éirinn
In Éirinn mhéadaigh an líon cásanna de mheiningíteas baictéir ó 131 i 1990 go dtí 241 i 1995 agus 380 i 1996. Sa bhliain sin bhuail an galar 6.9 duine as gach 100,000 den daonra, i gcomparáid le 3 as gach 100,000 sa Bhreatain.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.