Chuir a theaghlach fúthu in Wyoming ar an tearmann Indiach Wind River agus gan ach bliain amháin d'aois slánaithe aige. Múinteoir scoile ab ea a mháthair agus thóg a athair eallach agus capaill, chomh maith le heorna. D'fhreastail Fox ar Ollscoil Columbia agus thuill sé baitsiléir san eacnamaíocht ón scoil úd sa bhliain 1989.
Tá Fox pósta ar Margherita Ronchi, bean Iodálach a casadh air in Ollscoil Columbia, agus tá beirt pháistí acu. Tá an-spéis ag Fox san eitleoireacht agus tá Bonanza G36 aige.
Tagairtí
Is síol faoin aisteoir / banaisteoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.