Rugadh Matt Talbot i mBaile Átha Cliath, i lár na cathrach sa bhliain 1856. Ní raibh spéis ag duine ar bith san fhear seo le linn a shaoil.[1] Ba dhuine bocht é Matt Talbot. Meisceoir ab ea é, nuair a bhí sé óg.[2]
Bhuail taom croí é ar 7 Meitheamh1925 ar Lána Granby (Sráid Dhoiminic), BÁC. Ach nuair a fuair an Talbóideach bás go tobann, ba léir óna chorp go raibh slabhraí ceangailte aige leis féin as a stuaim féin mar pheannaid.
Ansin bhí daoine ag iarraidh a fháil amach faoi shaol an duine seo agus cén fáth go ndearna sé an pheannaid seo.
Scríobh Thomas Kilroy an dráma cáiliúil ‘Talbot’s Box’ faoi shaol Matt Talbot agus chraol TG4 clár faoi, "Scéalta Átha Cliath", sa bhliain 2012.