Dealbha marmair ón 5ú céad RC ón bPartanón san Aithin. Fuair Thomas Bruce, Iarla Eilginn, iad i 1801-1803 faoi chúinsí amhrasacha nuair a bhí an Ghréig faoi riail na dTurcach, agus thug ar bord loinge go Sasana iad. Cheannaigh rialtas Shasana agus chuir i Músaem na Breataine iad i 1816, mar a bhfuil siad le feiceáil fós. Tá an Partanón á athchóiriú le blianta, agus d'iarr rialtas na Gréige ar an mBreatain iad a thabhairt ar ais dóibh. Diúltaíodh don iarratas, agus is cúis chonspóide idir an dá rialtas iad i gcónaí.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol na staire é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.