Marie d'Agoult

Infotaula de personaMarie d'Agoult

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Marie Catherine Sophie de Flavigny Cuir in eagar ar Wikidata
31 Nollaig 1805
Frankfurt Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Márta 1876
70 bliana d'aois
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Père-Lachaise, 54
grave of Marie d'Agoult (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht agus aiste
Gairmscríbhneoir, file, scríbhneoir aistí, cumadóir, dialannaí, salonnière, staraí, úrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm cleiteDaniel Stern
J. Duverger
Daniel Sterne Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach
Eile
Teideal uasalCunta Cuir in eagar ar Wikidata
CéileCharles Louis Constant d'Agoult (1827–1834) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíFranz Liszt (1833–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCosima Wagner
 ( Franz Liszt)
Blandine Liszt
 ( Franz Liszt)
Daniel Liszt
 ( Franz Liszt)
Claire d'Agoult
 ( Charles Louis Constant d'Agoult) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairVicomte Alexandre Victor François de Flavigny  agus Elisabeth de Flavigny
SiblínMaurice de Flavigny
Gradam a fuarthas
Síniú


Musicbrainz: 46ec0fca-fd71-4597-ac79-e11adc69da3e IMSLP: Category:Agoult,_Marie_d' Find a Grave: 7844 Project Gutenberg: 32284 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir aistí agus staire Francach ab ea Marie d'AgoultMarie Catherine Sophie de Flavigny, comtesse d'Agoult (31 Nollaig 18055 Márta 1876). Rugadh í in Frankfurt-am-Main agus shíothlaigh sí i bPáras. Scríobh sí faoin ainm cleite Daniel Stern.

Beathaisnéis

Rugadh d'Agoult do Victor François de Flavigny (1770-1819), fear d'uaisle na Fraince a theith an tír le linn Réabhlóid na Fraince agus do Maria Elisabeth Bethmann (1772-1847), bean Phrotastúnach, de theaghlach uasal de bhunús na Gearmáine.[1] D'fhill an teaghlach go dtí an Fhrainc tamall i ndiaidh bhreith Maria. Ó 1819 go 1821, fuair sí a cuid oideachais i gclochar na Sœurs du Sacré-Cœur de Jésus in Áras Biron (Músaem Rodin inniu).

Phós sí an Cunta Charles Louis Constant d’Agoult (1790-1875) agus saolaíodh beirt iníonacha dóibh, Louise (1828-1834) agus Claire (1830-1912). Bhí caidreamh suirí aici le Franz Liszt a thosaigh nuair a bhí sise 28 bliana d'aois agus eisean 6 bliana ní ba óige. Bhí triúr páistí acu. Blandine (1835–1862), chéad bhean Émile Ollivier, príomh-aire na Fraince i ndiaidh a báis in aois a 26 bliana, Cosima (1837–1930), a phós cumadóir agus stiúrthóir ceoil Hans von Bülow agus ansin Richard Wagner, agus Daniel (1839–1859), sárphianadóir a d'éag go hóg leis an eitinn. Chuir d'Agoult agus Liszt fúthu sa Ghinéiv sa bhliain 1835. Chaith siad na blianta 1837–1839 ina gcónaí i roinnt áiteanna san Iodáil.

Bhí d'Agoult mór le George Sand agus go mó faoina tionchar, ach caidreamh neamhchairdiúil a bhí acu go minic. Cuireadh Marie d'Agoult i Reilig Père-Lachaise i bPáras.

Marie d'Agoult t. 1861

Tagairtí

  1. Claus Helbing: Die Bethmanns. Aus der Geschichte eines alten Handelshauses zu Frankfurt am Main. Gericke, Wiesbaden 1948.

Naisc sheachtracha