I mBruiséil na Beilge a rugadh í, i dteaghlach d'fhuil uasal agus de fhréamhacha i bhFlondras na Fraince. Saolaíodh í i dteach in Ascaill Louise sa Bhruiséil. Michel Cleenewerck de Crayencour ainm a hathar agus Fernande de Cartier de Marchienne ainm a máthar. Francach eisean; Beilgeach ise.
Cailleadh Fernande 10 lá i ndiaidh bhreith Marguerite.
Ba i dtuaisceart na Fraince a d'fhás Yourcenar aníos. Tógadh i dteach mháthair a athar í i Mont Noir in iarthuaisceart na Fraince.
Fear mór taistil a bhí i Michel agus dúil sa litríocht aige freisin. Faoina anáil, thosaigh Yourcenar ag léamh na litríochta go hóg, ag foghlaim na Laidine agus an Bhéarla faoina raibh sí 11 mbliana d'aois agus ag foghlaim na Sean-Ghréigise ag 12 bhliain.
Chaith Michel agus a iníon an bhliain 2014/2015 ar deoraíocht i Sasana ag tús an Chéad Chogadh Domhanda. Thosaigh Yourcenar ar an Laidin agus ar an Bhéarla ag an am sin.[1]
Bhí Michel agus a iníon ina cónaí i bPáras sna blianta 1915-1918. Chuaigh Yourcenar ar laethanta saoire lean athair go dtí Midi (i ndeisceart na Fraince), an Eilvéis agus an Iodáil. Mar sin, thug siad cuairt ar fhothraigh villa an impire Haidrian.
An scríbhneoir óg san Eoraip
Foilsíodh an chéad dán léi sa bhliain 1921, Le Jardin des chimères ("Gairdín na gciméaraí"). Rinne sí é a fhoilsiú faoin ainm "Yourcenar", anagram beagnach foirfe de "Crayencour". Sa bhliain 1929, foilsíodh Alexis, ou le Traité du vain combat ("Alexis, nó Conradh na streachailte in aisce") an chéad úrscéal léi. Ceoltóir ón Ostair le linn an Chéad Chogadh Domhanda é an príomhcharachtar. I bhfoirm litreach, cuireann sé a homaighnéasachas in iúl dá bhean chéile, gur streachailt in aisce é troid ina choinne agus go mbeidh sé á fágáil.
Fuair Michel de Crayencour bás sa bhliain 1929 freisin, cé go raibh sé d’am aige an chéad úrscéal óna iníon a léamh. Bhí saol Boihéamach ag Marguerite sna blianta a lean a bháis agus í ag caitheamh seal i bPáras, i Lausanne, san Aithin, ar na hoileáin Ghréagacha, in Iostanbúl agus sa Bhruiséil.
Thaitin na mná léi; ach ar dtús thit sí i ngrá le fear homaighnéasach, André Fraigneau, scríbhneoir agus eagarthóir ag Grasset, comhlachtfoilsitheoireachta Francach.
D’fhoilsigh sí Nouvelles orientales (“Gearrscéalta oirthearacha”), leabhar scéalta a raibh macalla óna cuid taistil san Oirthear ann, Feux (“Tinte”), téacsanna bunaithe i bpáirt ar an miotaseolaíocht agus ar an reiligiún agus inar phléigh sí éadóchas agus fulaingt an ghrá, agus ansin sa bhliain 1939Le Coup de grâce (“Buille an ghrásta”), úrscéal gearr faoi thriúr leannán le linn tréimhse cogaíochta idir an Rúis agus an Pholainn. D’aistrigh sí The Waves le Virginia Woolf go Fraincis le linn tréimhse 10 mí sa bhliain 1937.
Na blianta i Meiriceá
Faoin bhliain 1939 bhí an Eoraip ina cíor thuathail nach mór agus an cogadh ag druidim i leith. Ní raibh mórán airgid ag Yourcenar san am ach an oiread. Tharla Yourcenar a bheith mór le haistritheoir Meiriceánach darbh ainm Grace Frick ón bhliain 1937 anuas. Thug Frick cuireadh di dul go Meiriceá i 1937, rud a ghlac sí.[2]
Nuair a bhris cogadh amach sa bhliain 1939, thug Yourcenar a haghaidh ar Mheiriceá arís. D’fhan an bheirt le chéile go dtí bás Frick sa bhliain 1979. Mhúin Yourcenar litríocht na Fraince agus stair na healaíne i ag dhá choláiste i gConnecticut agus Fraincis agus Iodáilis ag Coláiste Sarah Lawrence i mBronxville, Nua-Eabhrac taobh ó thaobh ón gcathair, go dtí an bhliain 1953. Ní raibh sé mar nós aici Béarla a labhairt sna ranganna (ná ach an corrfhocal de taobh amuigh díobh), ach is amhlaidh go raibh an oiread sin measa ar Yourcenar cheana gur glacadh leis sin.[3]
Tháinig an bheirt acu ar Oileán Mount Desert ar chósta Maine sa bhliain 1942. Sa bhliain 1950 cheannaigh siad teach ansin ar ar bhaist siad “Petite Plaisance”. Ba ar an oileán a bhí cónaí ar an bheirt acu an chuid eile dá saol, cé gur chaith Yourcenar a lán ama ag taisteal.
Fuair Yourcenar saoránacht Mheiriceánach sa bhliain 1947, ag tapú na deise sin lena hainm a athrú go Yourcenar go hoifigiúil den chéad uair.[4] D'fhan Yourcenar ar an oileán i ndiaidh bhás a comrádaí agus ina dhiaidh sin go dtí a bás féin.
Toghadh Yourcenar mar bhall den Académie française sa bhliain 1980; ise an chéad bhean a bhain an onóir sin amach. Ag deireadh na bliana a bhfuair Frick bás (1979), tháinig Jerry Wilson go Petite Plaisance mar bhall d'fhoireann teilifíse. Meiriceánach óg aerach ó dheisceart na Stát Aontaithe a bhí ann agus Fraincis phaiteanta aige. Chuaigh sé a chónaí sa teach go luath sa bhliain 1980. Bhí dlúchairdeas idir eisean agus Yourcenar go dtí bás Wilson leis an SEIF i bPáras ar 8 Feabhra1986.[5]
Fuair Yourcenar bás ar Oileán Mount Desert sa bhliain 1987.
Leabhair i Meiriceá
Mémoires d’Hadrien
Sa bhliain 1951, d’fhoilsigh sí sa Fhrainc an t-úrscéalMémoires d’Hadrien, a raibh sí ag obair air le deich mbliana anuas. Fuair an leabhar seo fáilte mhór láithreach bonn ó léitheoirí agus ó léirmheastóirí. Is é atá sa leabhar ná saol agus bás an impire Rómhánaigh Haidrian, duine de rialtóirí an Domhain Ársa, a scríobhann litir fhada chuig Marcus Aurelius, fealsamh a raibh baint ag Haidrian leis. Sa litir déanann sé machnamh ar a shaol, idir maith agus olc, ar ghrá agus ar a fhealsúnacht féin. Léigh — nó d’athléigh — go minic Yourcenar litríocht na réimse Rómhánaigh úd i Laidin mar ullmhúchán don leabhar. Tá Mémoires d’Hadrien ar liosta na gcéad saothar is tábhachtaí sa stair arna eagrú ag Club Leabhar na hIoruaidhe,[6] agus d’éirigh sé ina slat tomhais lena mheastar ficsean faoin saol ársa.
Le labyrinthe du monde
Sa bhliain 1974, thosaigh foilsiú tríolóige léi ar a dtugtar Le labyrinthe du monde. Cé go dtugtar “cuimhní cinn” orthu go minic, séard atá iontu ná stair a sinsir siar go haimsir na gCeilteach agus na Rómhánach i bhFlóndras: cuir síos leathan ar shaol na haimsire úd i dtosach an scéil, ansin ábhar bunaithe ar insint béil a muintire agus ar cháipéisí a bhaineas leo, agus ag an deireadh, a cuimhní féin.
I ndiaidh fhoilsiú an chéad imleabhair (1974), Souvenirs pieux, tháinig an dara ceann, Archives du nord, amach sa bhliain 1979.
Ansin, sa bhliain 1985, foilsíodh Quoi? L’éternité. Eagla roimh bheathaisnéisithe agus a scríobhfaidís faoina muintir agus fúithi féin cuid den rud a spreag í chun scríobh na tríolóige. Chuir sí cosc léite 50 bliain ar chuid mhaith den iliomad cáipéisí a thug sí don Ollscoil Harvard.[7]
Príomhshaothair
I bhFraincis. Níor aistríodh scríbhinn ar bith de chuid Yourcenar go Gaeilge go fóill.
Le labyrithe du monde, II: archives du nord (1977)
Mishima ou la Vision du vide (1980)
Le labyrithe du monde, III: quoi? l'éternité (198)
Léitheoireacht
Marguerite Yourcenar: l'invention d'une vie. Josyane Savigneau. Gallimard, 1990 (i bhFraincis; aistrithe go Béarla mar Marguerite Yourcenar: Inventing a Life, 1994)