Rugadh Cousins ar 7 Samhain 1878 i Mainistir na Búille, Contae Ros Comáin. Ba í an duine ba shine sa chlann í as measc cúig dhuine dhéag. Ba é cléireach na cúirte giorra, Joseph Gillespie, a hathair agus ba í Margaret Annie Gillespie (Shera roimh phósadh di) a máthair.
D'fhás sí aníos i dteaghlachaontachtachModhach. Ach bhí bá aici leis an náisiúnachas ó bhí sí an-óg. Cuireadh oideachas uirthi go háitiúil aníos go dtí an bhliain 1894, tráth a tugadh scoláireacht di chuig Ardscoil Victoria do Chailíní i nDoire.
Tar éis di James Cousins a phósadh sa bhliain 1903, bhí sí leagtha amach ar a neamhspleáchas a choinneáil. Chinn siad nach mbeadh clann acu.[3] D'oibrigh sí mar mhúinteoir ceoil ar bhonn páirtaimseartha. Mar gheall ar a fear céile, chuir sí aithne ar go leor de na mórphearsana liteartha i mBaile Átha Cliath. Ina measc bhí James Joyce, a d'fhan le muintir Cousins ina mbaile i nDroichead na Dothra i mí an Mheithimh 1904, agus George Russell, fear eile a raibh dúil aige sa diasúnacht.
Bhain an domhan mistiúil greim uirthi. Ghníomhaigh sí mar mheán ag séansanna a bhí ar siúl ina teach. Bhain sí triail as an scríbhneoireacht uathoibríoch agus as an astralaíocht, D'éirigh sí ina diasamh.
Gníomhaíochas
Fearacht a fir céile chuaigh sí le saol an fheoilséantóra.[4] Nuair a bunaíodh Cumann Veigeatóirí na hÉireann (1904), rinneadh rúnaí oinigh an Chumainn di.
Agus í ag tabhairt cuairt ar Shasana sa bhliain 1906 chun labhairt ag comhdháil feoilséantóirí, d'éirigh léi freastal ar chomhdháil Chomhairle Náisiúnta na mBan freisin. Spreag sin í le dul le Cumann Ceart Vótála agus Rialtais Áitiúil Mhná na hÉireann tar éis di filleadh ar Éirinn. Ach níorbh fhada gur tháinig frustrachas uirthi de bharr a chuir chuige scáfair,
Mar sin, bhunaigh Cousins Léig na hÉireann um Cheart Vótála do Mhná (Irish Women's Franchise League) in éineacht le Hanna Sheehy-Skeffington ar 4 Samhain 1908.[5] Dream míleatach neamhpháirtí ba ea an Léig. Ar cheann de na baill ba thábhachtaí agus ab iomráití den Léig, d'éirigh sí ina cisteoir i dtús báire í agus rinneadh rúnaí oinigh di sa bhliain 1911.
Labhraíodh sí go minic ag a chruinnithe faoin aer i mBaile Átha Cliath agus ar thurais cheart vótála timpeall na tíre. Níor chuir sé isteach ná amach uirthi gur cuireadh fáilte dhoicheallach roimh a cuid cainteanna corruair. Luaitear sa nuachtán ceart vótála, The Irish Citizen (a raibh a fear céile ar dhuine de na bunaitheoirí) gur labhair sí ag cruinnithe i gCiarraí, i nDún na nGall, i Sligeach, in Inis Ceithleann, i bPort Rois, agus i Maigh Eo (8 Feabhra 1913).[4]
Chuaigh Cousins anonn go Sasana chun oirbheartaíocht mhíleatach a fhoghlaim. Choinnigh Cousins nasc le sufragóirí Shasana agus d'oibrigh sí le hAontas Sóisialta agus Polaitiúil na mBan i Londain i mí Iúil 1909.
I mí na Samhna 1910 bhí sí ar dhuine de sheisear ionadaithe na hÉireann ag 'parlaimint na mban' in Caxton Hall, Londain. Mháirseáil sí ar Black Friday (Aoine an Doirte Fola) ar 18 Samhain1910; ciontaíodh í as na fuinneoga ag 10 Sráid Downing a bhriseadh; chaith sí mí i bpríosún Holloway dá dheasca. Níor chuir sé sin meath ar a díocas míleatach, áfach.[4]
Ar ais in Éirinn
Ghlac sí páirt in agóidí i gcoinne an Bhille Rialtas Dúchais, toisc nár foráladh ceart vótála do mhná leis, le linn chuairt Asquith ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1911 agus, ina theannta sin, labhair sí ag ollchruinniú sna Antient Concert Rooms i mBaile Átha Cliath inar éiligh sí go gcuirfí mná san áireamh sa Bhille (Meitheamh 1912).
Cuireadh i bpríosún Thulach Mhór í sa bhliain 1913 as ucht fuinneoga i gcaisleán Bhaile Átha Cliath a bhriseadh, in éineacht le gníomhaithe eile ó Chonradh Ceart Vótála Mhná na hÉireann – Margaret Connery agus Bean Hoskins. Fad a bhí siad i ngéibheann i bpríosún Thulach Mhór, throid siad ar son stádas polaitiúil. Chuaigh siad ar stailc ocrais ghearr ar tugadh an-phoiblíocht di. Bhuail taom croí Hoskins agus tugadh an stádas polaitiúil dóibh sa deireadh.[4]
Learpholl
I mí an Mheithimh 1913, agus de bharr deacrachtaí airgeadais, thug muintir Cousins aghaidh ar Learpholl. Cúpla lá níos déanaí, inne sí ionadaíocht do Chonradh Ceart Vótála Mhná na hÉireann ag sochraid Emily Davidson i Londain.
Ar ais i Learpholl, thosaigh sí ag plé le grúpaí áitiúla ceart vótála, rinneadh uachtarán ar an gcumann áitiúil feoilséantóirí di, agus chabhraigh sí le bunú Bhan-Eaglais an Idéil Nua.
I rith na tréimhse seo, choinnigh sí ceangal le gluaiseacht cheart vótála na hÉireann agus lean sí uirthi ag scríobh don Irish Citizen.
I mí Eanáir 1915, mar ghníomhaí de chuid na Léige, rinne sí stocaireacht ar na Feisirí Éireannacha Redmond, Tim Healy, agus Joseph Devlin in Westminster.
Thug sí cuairt ghearr ar Éirinn i mí Iúil 1915, ina ndeachaigh sí i mbun a cuid oibre bolscaireachta don Leig athuair. Ansin chuir sí féin agus a fear céile fúthu san India (Deireadh Fómhair 1915).
Saol in India
Tar éis bogadh go dtí an India, lean sí ar aghaidh leis an bhfeachtas ar son chearta na mban. Rinneadh an chéad bhan-ghiúistís san India di sa bhliain 1922.
Chuaigh sí ag obair mar mhúinteoir. Sa bhliain 1916, ba í an chéad bhall neamh-Indiach de Bhan-Ollscoil na hIndia in Poona í.
Thosaigh sí ag glacadh páirte i ngluaiseacht na diasúnachta agus i ngluaiseacht chearta na mban. Sa bhliain 1917, bhunaigh Cousins an Women's Indian Association in Chennai le Annie Besant agus Dorothy Jinarajadasa.[6] Bhí sí ina comhrúnaí oinigh ar an gCumann. Rinne sí eagarthóireacht ar iris an Chumainn, Stri-Dharma, le blianta fada.
Bhí sí fostaithe mar ardmháistreás ar Scoil Náisiúnta na gCailíní in Mangalore (1919–20).
Bhí ról lárnach aici in eagrú na chéad ócáide den bhan-chomhdháil uile-India (1926), a raibh sí i gceannas uirthi in 1936, agus in eagrú na ban-chomhdhála uile-Áise (1931).
Thug sí cuairt ar Éirinn in 1927 agus níor thaitin an saol in Éirinn ag an am.[3]
Chuaigh sí i gceann obair dhaonchairdiúil chomh maith; bhí baint aici leis an Children's Aid Society, Women's Homes of Service, agus Baby Welcomes. Gabhadh í i mí na Nollag 1932 as ucht labhairt ag cruinniú in Madras chun agóid a dhéanamh i gcoinne áireamh na reachtanna éigeandála sa chód pionóis. Cuireadh i bpríosún Vellore í go dtí Deireadh Fómhair na bliana dár gcionn.
Bás agus tionchar
Bhuail stróc Cousins nuair a bhí sí 65 bliain d'aois, sa bhliain 1943.
In éineacht a fir céile, thiomsaigh sí comh-dhírbheathaisnéis dar theideal We Two Together (1950).
Fuair sí bás an 1 Márta 1954 in Adyar, an India. Níos déanaí, thug daoine a raibh meas acu uirthi (Nehru san áireamh) agus rialtas na hIndia tabhartais airgid di, mar aitheantas don tseirbhís a thug sí don tír.