Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Phort Láirge é Marc Ó Cathasaigh. Rugadh ar an 3 Eanáir 1977 i bPort Láirge é. Tá sé ina bhall de na Glasaigh.
Ba mhúinteoir bunscoile é i mBunscoil Ghlór na Mara i dTrá Mhór.
Bhí sé ina bhall do Chomhairle Contae Phort Láirge don toghcheantar rialtais áitiúil úd Trá Mhór agus Cathair Phort Láirge Thiar, sa bhliain 2019 - 2020. Is duine eisean freisin a bhíonn le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta mar urlabhraí an Chomhaontais Ghlais.
Toghadh é mar TD in Olltoghchán 2020. Fuair sé 3,996 vóta in 2020 ag tráth a raibh bá leis na Glasaigh.[1]
Féach freisin
Tagairtí