I miotaseolaíocht na nGael, scéal Iomraimh[1] is ea Iomramh Curach Mhaoil Dúin (Sean-GhaeilgeImmram Curaig Maíle Dúin).
Máel Dúin mac Ailealla Eochair Agartha is ea laoch an scéil. Is dúnmharú a athar é spreagadh an tsága.
Stair an téacs
Is scéal den genre Immram, spreagtha b'fhéidir ag na scéalta clasaiceacha agus a laochra Jason, Odaiséas agus Aeinéas.[2]
D'éignigh an gaiscíoch istAilill Eochair[3] Agartha (Ailill Ochair Aghra) bean rialta as mainistir Chill Dara, agus rugadh Maol Dúin mar thoradh. Tar éis dúnmharú a athar ag foghlaí, tógadh é chuig dún an rí. Nuair a chuala sé sa deireadh scéal a thuistí – bás a athar ach go háirithe – d'imigh sé ar turas mara le curach le roinnt er compánach, chun díoltas a bhaint amach.
Ag triall ar muir, bhuail siad ar scata oileán le seangáin daoniteacha, éin a d'itheadh úlla óir (féach freisin Avalon), ar oileán na gáire síoraí b'éigean dóibh compánach a fhágáil ann (féach freisin Immram Brain). Shroich siad faoi dheireadh oileán banfhlatha, agus cuireadh fáilte rompu le trí lá. Ach nuair a d'fhiafraigh compánach di ar mhaith léi fanacht le Maol Dúin, cuireadh ar an dtoirt an ruaig orthu ar an bhfarraige mhór amach ag ceo draíochta (Fíth-fáth). Lean siad leo ar fánach, agus tar éis cuairt a thabhairt ar níos mó ná tríocha oileán, tháinig siad ar ais go hÉirinn. D'aimsigh Maol Dúin marfóirí a athar, agus mhaith sé iad as carthanas chríostaí.
Ábhar Críostaí
Molann Hans Oskamp gurb é Immram Maíle Dúin an scéal is luaite a bhaineann leas gan idirdhealú as ábhar págánach agus Críostaí indiscriminately.[4] Tugann Elva Johnston faoi ndeara go dtugann an mhoill breis ama do Mhaol Dúin chun athmhachnamh a dhéanamh ar a dhíoltas, agus ríthábhachtach dá bharr ina slánú.[5] Tá buíochas Mhaoil Dúin as ucht cabhair Dé níos treise ná fonn díoltais.[6]
Cóirithe
Ní fhaightear in Voyage of Maeldune le Alfred Tennyson oiread ach creatlach an scéal.
Chóirigh Thomas Wentworth Higginson an sága go garbh ina ghearrscéal Maelduin's Voyage. Is ridire Éireannach é 'Maelduin' a chuirtear ar turas mara ag draoi.[7]
D'eagraíodh Joseph Jacobs leagan dílis den scéal, fóirsteanach do pháistí, maraithe ag John D. Batten, in Book of Wonder Voyages.[8]
Scríobh Patricia Aakhus leagan úrscéalach, The Voyage of Mael Duin's Curragh, foilsithe sa bhliain 1989.[9][10]
Ath-insint nua-aimseartha den scéal is ea A Celtic Odyssey le Michael Scott.
Helmut Birkhan, Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. 2., korrigierte und erweiterte Auflage. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3.
H. P. A. Oskamp, The Voyage of Mael Dúin. A Study in Early Irish Voyage Literature followed by an Edition of Immram Curaig Maele Dúin from the Yellow Book of Lecan, in Trinity College, Dublin. Wolters-Noordhoff, Groningen, 1970.
↑Oskamp, H. P. A. (1970), The Voyage of Máel Dúin. A study in early Irish voyage literature followed by an edition of Immram Curaig Máele Dúin from the YBL in TCD, Wolters-Noordhoff Publishing Company, Groningen, p. 43
↑Johnston, Elva (2003), Devlin, Judith; Clarke, Howard B. (eds.), "A Sailor on the Seas of Faith: The Individual and the Church in The Voyage of Mael Duin", European Encounters: Essays in Memory of Albert Lovett, University College Dublin Press, hdl:10197/8328
↑Visser, Margaret (2009), The Gift of Thanks: The Roots and Rituals of Gratitude, Houghton Mifflin Harcourt, ISBN9780547428444
↑Cotter, James Finn (Earrach 1990), "Review: The Voyage of Mael Duin", The Hudson Review, 43 (1): 165–169, doi:10.2307/3852359, JSTOR3852359{{citation}}: Check date values in: |date= (cabhair)
↑Weber, Katherine (28ú Eanáir 1990), "IN SHORT; FICTION", www.nytimes.com (National ed.), p. 7007022 {{citation}}: Check date values in: |date= (cabhair)