Is éard is móin ann ná carnadh fásra nó ábhar orgánach dreoite a fhaightear i limistéir nádúrtha ar a dtugtar portach (nó go leor ainmneacha eile i nGaeilge, m.sh. criathrach, corrach, móinteán, nó caorán). Clúdaíonn éiceachóras na dtailte móna 3.7 milliún ciliméadar cearnach[1] agus is é an linn charbóin is éifeachtaí ar domhan,[2][3] toisc go ngabhann plandaí sna tailte móna dé-ocsaíd charbóin (CO2) a scaoiltear go nádúrtha ón móin, sa gcaoi go bhfanann sé i staid cothromaíochta. I dtailte móna nádúrtha, tá an ráta bliantúil de tháirgeadh bithmhaise níos mó ná an ráta dianscaoilte, ach tógann sé na mílte bliain do thailte móna na taiscí 1.5–2.3m a fhorbairt, is é sin meándoimhneacht na dtailte portaigh tuaisceartacha,[2] a stórálann thart ar 415 gigeatonna (Gt) carbóin (thart ar 46 uair níos mó ná astaíochtaí domhanda CO2 in 2019).[1] Ar fud an domhain, stórálann an mhóin suas le 550 Gt carbóin, méid a sháraíonn an carbón atá stóráilte i ngach cineál fásra eile, foraoisí an domhain san áireamh, cé nach gclúdaíonn sí ach 3% de dhromchla na talún.[4][5] Tá súsán, ar a dtugtar caonach móna freisin, ar cheann de na comhpháirteanna is coitianta sa móin, cé go bhfeictear go leor plandaí eile inti freisin. Tugtar histeasal ar aon ithir atá déanta go príomha de mhóin. Cruthaíonn móin i dtalamh bogaigh, áit a gcuireann tuilte nó uisce marbhánta bac ar shreabhadh ocsaigine ón atmaisféar, rud a chuireann moill ar an ráta dianscaoilte.[6]
Toisc go gcarnann ábhar orgánach thar na mílte bliain, tugann an mhóin léargas fadtéarmach ar fhásra agus ar an aeráid trí iarsmaí plandaí, mar shampla pailin, a chaomhnú. Leis seo, is féidir an timpeallacht san am a chuaigh thart a athchruthú, agus staidéar a dhéanamh ar athruithe in úsáid talún.[7]
Úsáidtear móin sa ghairneoireacht uaireanta,[8] ach tá cosc uirthi in áiteanna áirithe anois.[9] De réir toirte, tá thart ar 4 trilliún méadar ciúbach de mhóin ar domhan.[10] Le himeacht ama, is minic gurb é foirmiú na móna an chéad chéim i bhfoirmiú breoslaí iontaiseacha ar nós guail, go háirithe gual de ghrád íseal, mar shampla lignít.[11]
Ní foinse fuinnimh in-athnuaite í an mhóin, toisc go mbaintear í i bhfad níos tapúla ná an ráta mall athfháis (1mm in aghaidh na bliana).[12] Chomh maith leis sin, tuairiscítear nach dtarlaíonn athfhás móna ach i 30–40% de thailte móna.[13] Leis na céadta bliain anuas, tá go leor CO2 scaoilte isteach san atmaisféar trí mhóin a dhó agus portaigh a dhraenáil,[14] agus tá athchóiriú tailte móna ag teastáil chun athrú aeráide a mhaolú.[15]
In Éireann
I bPoblacht na hÉireann, is é Bord na Móna, cuideachta faoi úinéireacht an stáit, a bhí freagrach as baint móna a bhainistiú. Rinne sé móin mheilte den mhóin a baineadh lena húsáid i stáisiúin chumhachta, agus dhíol sé breosla móna próiseáilte i bhfoirm brícíní a úsáideann daoine chun a dteach a théamh.
I mí Eanáir 2021, d’fhógair Bord na Móna go gcuirfeadh sé deireadh le baint na móna go huile is go hiomlán, agus go ndíreodh sé ar chúrsaí gnó a rachadh i ngleic le hathrú aeráide.[16]
I 2022 cuireadh cosc ar mhóin a dhíol lena dó, cé go bhfuil cead ag daoine áirithe í a ghearradh agus a dhó fós.[17]
Téarmaíocht
Mar gheall ar an tábhacht a bhaineann leis an móin i gceantair Ghaeltachta, tá go leor téarmaí Gaeilge ann: