Is iar-pheileadóir é Mícheál Ó Conaill (4 Eanáir 1937-), nó Mick O'Connell mar a ghlaoitear air as Béarla. Ciarraíoch is ea é agus d'imir sé le foireann a chontae ó 1956 go 1973. Lúaitear é mar dhuine de na peileadóirí is fearr riamh.
Saol pearsanta
As Oileán Dairbhre do Mhícheál Ó Conaill. Rugadh é sa bhliain 1937. Iascaire agus feirmeoir ab ea a athair. Tá Ó Conaill pósta, agus tá mac darbh ainm Diarmuid orthu. Scríobh sé a dhírbheathaisnéis, A Kerry Footballer, sa bhliain 1974.
Peil
D’imir Ó Conaill i gCraobh Peil Sinsearach na hÉireann
don chéad uair i 1956. Bhuaigh sé Craobh na Mumhan i 1958, 1959, 1960, 1961, 1962, 1963, 1964, 1965, 1968, 1969, 1970 agus 1972. agus craobh na hÉireann i 1959, 1962, 1969 agus 1970.
Tagairtí
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |