I ndiaidh staidéar a dhéanamh ar an eolaíocht talmhaíochta i gColáiste na hOllscoile Gaillimh agus COBÁC, thug sí seal ag múineadh agus seal eile ina hOifigeach Oideachais le Bord na Gaeilge sula ndeachaigh sí ag plé le cúrsaí teilifíse.
Chuir sí tús lena ré i saol na teilifíse nuair a d'oibrigh sí mar thaighdeoir ar an irischlár, Púiríní, a bhí á léiriú ag Coco Television i 1988.[5]
Ba i 1989 a bhunaigh sí an comhlacht neamhspleách léiriúcháin Eo Teilifís, atá lonnaithe ar an Spidéal agus bhí cónaí uirthi i Seanadh Gharráin sa Spidéal. Is é an comhlacht Eo Teilifís a thug an sobaldhrama 'Ros na Rún' do Theilifís na Gaeilge in aimsir a bhunaithe i 1996. Bhí sí ina léiritheoir feidhmiúcháin freisin ar 'Ros na Rún'.
I 1996, mar shampla, bhuaigh clár puipéid de chuid Eo Teilifís Mire Mara gradam ag Féile na Meán Ceilteach don chlár is fearr do dhaoine óga.
Bronnadh an gradam 'Bean óg ghnó na bliana' uirthi i 1997.
Bhain sí duais IFTA amach le 'Concerto do Chaitlín Maude' i 2005. Is iomaí gradam atá buaite ag cláir de chuid an chomhlachta ó shin.
Bhí sí ina comhléiritheoir ar an tsraith oideachais aitheanta Turas Teanga a craoladh ar RTÉ agus ar an tsraith drámaíochta Seacht.