Imreoir fichille Francach ab ea Louis-Charles de La Bourdonnais (1795–1840), a mheastar gurbh é an t-imreoir is láidre ar domhan go luath sa 19ú haois. Rugadh La Bourdonnais ar oileán Réunion san Aigéan Indiach i 1795. D’fhoghlaim sé ficheall in 1814 agus thosaigh sé ar an gcluiche dáiríre in 1818, ag imirt go rialta sa Café de la Régence i bPáras, lárionad tábhachtach Eorpach fichille san 18ú agus 19ú haois.[1] Taobh istigh de chúpla bliain bhí sé ar dhuine de na himreoirí is fearr sa Café.
B'éigean do La Bourdonnais a bheatha a thuilleamh mar imreoir fichille gairmiúil tar éis dó a shaibhreas a chailleadh ar mhargaí talún. D’imir sé i ré sular bunaíodh Craobh Fichille an Domhain, ach measadh gurbh é an t-imreoir is láidre ar domhan ó 1821 amach é go dtí a bhás sa bhliain 1840. Ba é an cluiche is cáiliúla sa tréimhse seo ná sraith cluichí a d'imir sé in aghaidh an imreora fichille Éireannaigh, Alexander McDonnell, sa bhliain 1834 agus a fheictear sa la atá inniu mar chluiche chraobh an domhain neamhoifigiúil.
D’éag La Bourdonnais gan phingin i Londain ar 13 Nollaig 1840, tar éis dó a bheith iallach air a shealúchais go léir a dhíol chun a chreidiúnaithe a íocadh, a chuid éadaí san áireamh.[2] Socraíodh a adhlacadh faoi urchar méaróige d'uaigh a sheaniomaitheoir McDonnell i reilig Kensal Green i Londain.[3]
Tagairtí