Banna ceoil as an bhFionlainn is ea Lordi. B'é Mr. Lordi, a bhunaigh an banna i Rovaniemi sa bhliain 1992. Is iad na cultacha arrachtaigh a chaitheann ceoltóirí an bhanna ba thúisce a tharraing súil an tsaoil mhóir orthu. B'é Kiss, an banna cáiliúil d'"arrachtaigh", a thug an smaoineamh do Phutaansuu a leithéid de chuma a chur ar na ceoltóirí, nó bhí sé ina bhall gníomhach de chlub lucht adhartha Kiss, nuair a bhí sé óg. Bhuaigh Lordi Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse (Eurovision) ar 18 Bealtaine, 2006 san Aithin, An Ghréig leis an amhrán Hard Rock Hallelujah. Níor ghnóthaigh aon cheoltóir ón bhFionlainn an comórtas sin riamh roimh Lordi.
Níl san ainm féin "Lordi", go bunúsach, ach an focal Béarla "lord" agus an t-i curtha leis chun an focal a chur in oiriúint do chóras gramadaí na Fionlainnise. Ní úsáidtear an focal san Fhionlainnis chaighdeánach ach amháin le tagairt a dhéanamh do "thiarnaí" na huasalaicme Sasanaí.
Saothar
Albaim
Scannáin
Tagairtí
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |