Is amhránaí agus cumadóir amhrán, ón Nua-Shéalainn í Ella Marija Lani Yelich-O'Connor (rugadh 7 Samhain 1996), ar a dtugtar Lorde go gairmiúil. Agus í ag fáil inspioráid ón uasaicme as a hainm stáitse, tá cáil uirthi as a stíleanna ceoil neamhghnácha agus a cuid amhránaíochta féinmhachnamhacha.
Rugadh i mbruachbhaile de chuid Auckland darbh ainm Takapuna í. Shínigh sí conradh le Universal Music Group (UMG) in 2009. In 2013, d'eisigh sí an mionalbam, The Love Club, le Joel Little mar léiritheoir. Chuidigh an t-amhrán "Royals" léi clú agus cáil a bhaint amach ar fud an domhain.
D'eisigh a céad albam, "Pure Heroine" in 2013 agus a dara halbam, "Melodrama" in 2017. Tá rath rathúil ag na halbaim ar shuímh ghréasáin cosúil le "Metacritic" [1][2].
Tá roinnt gradam buaite ag Lorde, dhá Ghradam Grammy agus dhá Brit Awards san áireamh. Suas go dtí Meitheamh 2017, tá cúig mhilliún albam díolta ag Lorde.
Dioscliosta
Leabharliosta
Scannánliosta
Tagairtí
| Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |