Bhí an chéad eagrán den leabhar eagraithe i gcúig rannóg a bhí scartha de réir téama:
Spleen et Idéal
Fleurs du Mal
Révolte
Le Vin
La Mort
Tugann réamhrá an imleabhair, a ionannaíonn Sátan leis an ailceimiceoir faoi ainm bréige Hermes Trismegistus, leid dúinn ar ábhar an leabhair, ag tabhairt le fios gurb é an leadrán nó an leamhthuirse an dian-anró is measa.
Si le viol, le poison, le poignard, l'incendie, N'ont pas encore brodé de leurs plaisants dessins Le canevas banal de nos piteux destins, C'est que notre âme, hélas! n'est pas assez hardie.
Gaeilge:
Mura bhróidnigh fós an t-éigniú agus an nimhe, an mhiodóg agus an tine,
a gcuid dearaí taitneamhacha
ar chanbhás seanchaite ár gcinniúintí truacánta,
is de bharr, faraor, nach bhfuil ár n-anamacha dána go leor!
Críochnaíonn an Brollach leis an mhallacht seo a leanas:
C'est l'Ennui! —l'œil chargé d'un pleur involontaire, Il rêve d'échafauds en fumant son houka. Tu le connais, lecteur, ce monstre délicat, —Hypocrite lecteur,—mon semblable,—mon frère!
Gaeilge:
Ennui is ea é! - A shúile thar maoil le deora ainneonacha,
Is í an chroch ábhar a bhrionglóidí trí smúiteán a houka.
Is eol duit é, a léitheoir, an ollphéist leiceacht,
A léitheoir fimíneach, cosúil liom, mo dheartháir!
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.