Ba aisteoir Meiriceánach é Clarence LeRoy "Lee" Van Cleef, Jr. (9 Eanáir 1925-16 Nollaig 1989). Rugadh agus tógadh in Somerville, New Jersey, é. Sa bhliain 1942, d'fhág sé an ardscoil go luath chun seirbhís a chur isteach i gCabhlach na Stát Aontaithe le linn an Dara Cogadh Domhanda. Mar aisteoir i ndiaidh an chogaidh, d'oibrigh sé i ngnáthscannáin agus cláir theilifíse den seánra western ar feadh tamaill sách fada sular tharraing sé aird níos mó air féin lena rólanna in For a Few Dollars More agus The Good, the Bad and the Ugly.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |