Scannán scéinséir uafáis, a léirigh Pedro Almodóvar, is ea La piel que habito' ('An Craiceann ina Mairim', 2011).
Plota
Glacann Antonio Banderas páirt máinlia ó Mhaidrid atá gustalach agus cultúrtha agus a bhfuil meas ag gach duine air. Sa teach ollmhór atá aige tá obrádlann ina ndéanann sé tástálacha ar Vera, bean álainn atá ina cime aige, nach bhfuil uirthi ach sreabhann teann de dhath craicinn agus a bhfuil a craiceann féin chomh mín le síoda gan smál, gan locht.[1]
Tá an chuma ar an scéal go ngéilleann sí dá géibheann go fonnmhar. Ach i ndeireadh na dála téann sí as a meabhair agus éiríonn sí foréigeanach dá bharr.[1]
Is síol a bhaineann le scannáin nó scannánaíocht é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.