Oifigeach de chuid an SS a bhí in Kurt Gerstein (rugadh i Münster é ar an 11 Lúnasa 1905, agus chuir sé lámh ina bhás féin i bPáras ar an 25 Iúil 1945) a bhí ina fhinné súl don Uileloscadh. Bhí sé ina oifigeach sláinteachais ag an SS, agus nuair a thosaigh na Naitsithe ag marú Giúdaigh ar scála tionsclaíoch, bhí Gerstein i láthair nuair a baineadh triail as an aonocsaíd charbóin i sceithgháis an innill dóiteáin inmheánaigh sna campaí báis i mBełżec agus i dTreblinka. I ndiaidh dó an t-uafás seo a fheiceáil, thosaigh sé ag iarraidh eolas a scaipeadh faoina raibh ar siúl sna campaí báis, le súil is go bhfaigheadh na Comhghuaillithe amach faoi.
Tá Gerstein ina chúis conspóide i measc lucht na staire i gcónaí. Cuid acu tá siad barúlach go raibh sé ina Chríostaí ionraic a d'insíothlaigh an SS as a stuaim féin le heolas a bhailiú faoi ainghníomhartha na Naitsithe. An chuid eile cuireann siad béim air gur innealtóir sláinteachais a bhí ann a rinne aireagáin a chuidigh leis na Naitsithe an tUileloscadh a chur i ngníomh. Is dóigh le cuid acu, fiú, nach raibh Gerstein ach ag iarraidh é féin a tharrtháil nuair a bhí an cogadh thart, agus nach ndearna sé a dhath le cabhrú leis na Giúdaigh le linn an chogaidh féin.
Tagairtí
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |